Comórtas Scoile
Cruthaigh póstaer/físeán chun do laoch STEM a chur i láthair
An Comórtas
I gcomhpháirtíocht lenár gcairde i gCOGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta), tá comórtas Mo Laoch STEM á reáchtáil chun daltaí a spreagadh chun iniúchadh a dhéanamh ar ghairmeacha a bhaineann le heolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht, mata, agus ábhair gaolmhara, agus an ar an gcaoi ina mbaineann daoine úsáid as na hábhair sin ina gcuid oibre. Beidh searmanas bronnta in Ollscoil na Gaillimhe le linn Seachtain na hEolaíochta.
Is féidir na póstaer thíos a íoslódáil dá mbeifeá sásta an t-eolas a roinnt.
Sonraí eile
Spriocdháta
Ní ghlacfar le hiarratais tar éis 23ú Deireadh Fómhair.
Searmanas Bronnta
Am & Dáta: 11:30-13:30, Dé Luain an 9ú Samhain
Áit: Téatar Uí Chearbhalláin, Áras na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Aoichainteoirí: Le deimhniú
Catagóir
Rang 3 – Rang 4
Rang 5 – Rang 6
Bliain 1 – Bliain 3
Bliain 4 – Bliain 6
Rang/Scoil Speisialta
Duaiseanna (in aghaidh chuile catagóir)
- An Chéad Duais: Micreascóp don scoil.
- An Dara Duais & An Tríú Duais: Fearais mhicreabit don scoil – sonraí le deimhniú.
- Teastas le haghaidh chuile dalta a bhí páirteach.
Treoracha
1. Roghnaigh do laoch ETIM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht, mata): duine a bhfuil aithne agat air/uirthi, duine mór le rá, nó duine ón stair.
2. Déan taighde orthu agus cruthaigh póstaer, cur i láthair, físeán nó beochan as Gaeilge a insíonn dúinn:
- Cén ról atá ag an duine sin?
- Cén fhadhb a ndéanann an duine sin iniúchadh uirthi nó a chabhraíonn an duine le réiteach?
- Conas a úsáideann an duine sin ETIM?
- Cad iad na scileanna atá tábhachtach i gcuid oibre an duine sin?
- Cén tionchar a bhíonn ag obair an duine sin ar dhaoine, ar an tsochaí nó ar an gcomhshaol?
- Cad é an rud ba spéisiúla nó ba mhó iontas a fuair tú amach faoin ról?
An Fhoirm Iontrála
Caithfear cuntas gmail a úsáid chun cáipéis a uaslódáil leis an bhfoirm.
Má bhíonn ceisteanna nó deacrachtaí agaibh, is féidir rphost a chur chuig stemasgaeilge[ag]gmail[ponc]com.
Na Rialacha
Na hIontrálacha
Beidh na hiontrálacha ar fad ar fáil anseo tar éis an spriocdháta.