
Ceardlann ar ollscolaíocht
as Gaeilge
7 Meitheamh 2024
Ollscoil na Gaillimhe
Ag díriú ar ábhair nach múintear as Gaeilge ag leibhéal ollscoile de ghnáth, is iad spriocanna na ceardlainne seo ná deis a thabhairt do léachtóirí srl. a bhfuil suim acu in ollscolaíocht trí mheán na Gaeilge aithne a chur ar a chéile, agus foghlaim ónár dtaithí éagsúla, le comhoibriú ar roinnt spriocanna agus constaicí i gcoitinne.
Is féidir tuairisc ar an gceardlann a íoslódáil anseo:
Beidh aoichainteoirí ann ón gColeg Cymraeg Cenedlaethol, Ollscoil Aberystwyth, agus Ollscoil Swansea le cur síos a dhéanamh ar obair an gColeg, a chuireann deiseanna oiliúna agus staidéir ar fáil trí mheán na Breatnaise, agus a dhéanann cothabháil ar infreastruchtúr ollscolaíochta a d’fhéadfadh feidhmiú mar ardaiseamláir dúinn.
Beidh deiseanna ag daoine cur síos a dhéanamh ar a dtaithí agus ar a bhfuil ar siúl sna hollscoileanna agus institiúidí gaolmhara éagsúla.
San iarnóin, beidh comhchainteanna ar siúl faoi chúrsaí ar nós acmhainní teagaisc, comhoibriú le fostóirí, modúil roinnte, srl.
Teanga
Beidh an ceardlann as Béarla, ach cuirfear na tuairiscí srl. dá ndiaidh ar fáil go dátheangach.
Clár
Clárú
Cláraigh anseo, le do thoil: https://forms.microsoft.com/e/DbhGnsPQaW
Zoom
Beidh na cur i láthair ar fáil ar zúm.
ID: 996 1989 3748
Pasfhocal, más gá: ceardlann
Teagmháil
Má tá ceist ar bith agat, ná bíodh drogall ort dul i dteagmháil le fintan[ponc]hegarty@universityofgalway[ponc]ie
Teacht anseo
Nasc Googlemaps anseo.
Tá seirbhís mhaith bus idir aerphort BÁC agus cathair na Gaillimhe ag Citylink; tógann an turas trí huaire, beag nó mór. Tá busanna Bus Éireann ó BÁC, an tSionainn, an Cnoc go Gaillimh. Is féidir freisin an traen a thógáil ó mBÁC. Tógann sé timpeall ar 20 nóiméad siúl ón gcathair go dtí an ollscoil.
Páirceáil
Má theastaíonn áit pháirceála uait, le do thoil, seol rphost chugam le uimhir do phláta clárúcháin roimh oíche Chéadaoin, agus is féidir linn spás a chur in áirithe daoibh.
