STEM as Gaeilge
Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge.
Faoin Togra
Maoinithe ag Taighde Éireann, is togra é STEM as Gaeilge a bhfuil sé mar aidhm aige STEM a chur chun cinn i measc phobal labhartha na Gaeilge. Tá spéis againn i raon leathan d’iarrachtaí bainteach leis an teanga a chur chun cinn i réimsí STEM, do scoláirí agus daoine fásta ach go háirithe; teagasc, taighde, for-rochtan, agus polasaí a fhorbairt ina measc.
“Is teanga bheo í an Ghaeilge, agus tá sé riachtanach go mbeimis in ann cúrsaí STEM – a bhaineann linn ar fad – a phlé inti.”
Imeachtaí na míosa bainteach le STEM agus Gaeilge
| Dáta | Imeacht | Áit |
|---|---|---|
| 14 Bealtaine 2026 ag 11:00 | Maidin caife STEM as Gaeilge Deis dóibh siúd sna réimsí STEM agus ar mhaith leo níos mó Gaeilge a úsáid. Is féidir linn smaointe, constaicí, foclóir, nó fiú cúrsaí gramadaí a phlé! Chomh maith, ar ndóigh, le bualadh le daoine eile a bhfuil cúpla focal acu.. |
An Club Foirne, Quad, Ollscoil na Gaillimhe |
| 15 Bealtaine 2026 | Lá Eolais: Clár Faisnéise STEM as Gaeilge Coimisiún €40,000 ar fáil le haghaidh scannánóirí a bhfuil spéis acu clár faisnéise STEM as Gaeilge a léiriú. Deis anseo dóibh casadh le taighdeoirí a bhfuil spéis acu a gcuid scéalta a roinnt. |
CREW Creative Enterprise West, Wellpark Road, H91 8K85 |
| 18 Bealtaine 2026 | Oíche Ólaíochta i mBaile Átha Cliath Mar chuid den fhéile idirnáisiúnta Pint of Science, téann taighdeoirí agus léachtóirí go dtí an pub chun cuir i láthair gearra a dhéanamh, dírithe ar lucht éisteachta nach saineolaithe iad, ar ghné éigin dá gcuid taighde. Fáilte roimh chách. |
Anseo, 18 Sr. Camden Íochtar, Baile Átha Cliath D02 WK72 |
| 19 Bealtaine 2026 | Oíche Ólaíochta i gCorcaigh |
The Roundy, 1 Sr. an Chaisleán, Corcaigh T12 RX09 |
| 20 Bealtaine 2026 | Oíche Ólaíochta na Gaillimhe |
Club Áras na nGael, 45 Sr. Dominic Íochtar, Gaillimh, H91 E1NY |
| 21 Bealtaine 2026 | Oíche Ólaíochta i gConamara |
Tigh Chualáin, Indreabhán, Gaillimh, H91 P654 |
| 16 Meitheamh 2026 | Comhrá le CÚRAM Deis casadh le muintir CÚRAM agus na cúpla focal a úsáid. Is féidir foghlaim faoin taighde atá ar bun san institiúd, nó féidearthachtaí tuilleadh Gaeilge a úsáid a phlé, nó cibé rud gur mian libh! Fáilte roimh chách. |
Foirgneamh Taighde na nEolaíochtaí Bitheacha, Ollscoil na Gaillimhe |
Nuacht
Fógraíonn Science on Screen coimisiún nua cláir faisnéise STEM i nGaeilgeMaoiniú bronnta ar Ollscoil na Gaillimhe chun STEM trí Ghaeilge a chur chun cinn
Bí i dteagmháil linn
Tá fáilte romhat ríomhphost a chur chuig fintan.hegarty@universityofgalway.ie le haghaidh tuilleadh eolais.