Féile Eolaíochta

7ú Márta

Téatar Áras na Gaeilge,

Ollscoil na Gaillimhe

Bígí linn don gceiliúradh seo as Gaeilge ar chúrsaí STEM le léachtóirí, taighdeoirí, scoláirí, agus ionadaithe ó eagraíochtaí leasmhara timpeall na tíre. Beidh neart deiseanna cabaireachta, gréasánaithe, agus foghlaim faoi céard a bhíonn ar siúl sna hinstitiúidí éagsúla.

Dá mbeadh spéis agat a bheith linn, ba cheart duit clárú anseo, le cinntiú go mbeidh ár ndóthain swag agus píotsa srl eagraithe againn!

Beidh dhá sheisiúin cur i láthair gearra, dírithe ar lucht éisteachta nach saineolaithe iad, siúlóid STEM bheag roimh lón, agus ansin seisiún ceol agus STEM, painéal plé, agus dóibh siúd a bheas fós linn théis am dinnéir, tráth na gceist STEM as Gaeilge, le neart duaiseanna le buachan.

Is féidir ceist a chur don bPainéal Plé ag an nasc seo má tá tú ag iarraidh, chun deis a thabhairt do dhaoine í a phlé agus machnamh a dhéanamh uirthi roimh an imeacht:

Clár an lae

Líonfar tuilleadh sonraí isteach anseo de réir a chéile – seans go n-aithreofar amanna na cainte.