STEM as Gaeilge

Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge.

Faoin Togra

Maoinithe ag Taighde Éireann, is togra é STEM as Gaeilge a bhfuil sé mar aidhm aige STEM a chur chun cinn i measc phobal labhartha na Gaeilge. Tá spéis againn i raon leathan d’iarrachtaí bainteach leis an teanga a chur chun cinn i réimsí STEM, go háirithe tar éis na scoile; teagasc, taighde, for-rochtan, agus polasaí a fhorbairt ina measc.

“Is teanga bheo í an Ghaeilge, agus tá sé riachtanach go mbeimis in ann cúrsaí STEM – a bhaineann linn ar fad – a phlé inti.”

Imeachtaí le teacht

Dáta Imeacht Áit
14 Bealtaine 2026 ag 11:00 Maidin caife STEM as Gaeilge
Deis dóibh siúd sna réimsí STEM agus ar mhaith leo níos mó Gaeilge a úsáid. Is féidir linn smaointe, constaicí, foclóir, nó fiú cúrsaí gramadaí a phlé! Chomh maith, ar ndóigh, le bualadh le daoine eile a bhfuil cúpla focal acu..
An Club Foirne, Quad, Ollscoil na Gaillimhe
15 Bealtaine 2026 Lá Eolais: Clár Faisnéise STEM as Gaeilge
Coimisiún €40,000 ar fáil le haghaidh scannánóirí a bhfuil spéis acu clár faisnéise STEM as Gaeilge a léiriú. Deis anseo dóibh casadh le taighdeoirí a bhfuil spéis acu a gcuid scéalta a roinnt.
CREW Creative Enterprise West, Wellpark Road, H91 8K85
18 Bealtaine 2026 Oíche Ólaíochta i mBaile Átha Cliath
Mar chuid den fhéile idirnáisiúnta Pint of Science, téann taighdeoirí agus léachtóirí go dtí an pub chun cuir i láthair gearra a dhéanamh, dírithe ar lucht éisteachta nach saineolaithe iad, ar ghné éigin dá gcuid taighde. Fáilte roimh chách.
Anseo, 18 Sr. Camden Íochtar, Baile Átha Cliath D02 WK72
19 Bealtaine 2026 Oíche Ólaíochta i gCorcaigh
The Roundy, 1 Sr. an Chaisleán, Corcaigh T12 RX09
20 Bealtaine 2026 Oíche Ólaíochta na Gaillimhe
Club Áras na nGael, 45 Sr. Dominic Íochtar, Gaillimh, H91 E1NY
21 Bealtaine 2026 Oíche Ólaíochta i gConamara
Tigh Chualáin, Indreabhán, Gaillimh, H91 P654

An Fhoireann

fintan_image

An Dr. Fintan Hegarty – Ollscoil na Gaillimhe

Clárbhainisteoir

Is Léachtóir in Oideachas STEM trí Ghaeilge é Fintan. Chuir sé spéis sa Ghaeilge don chéad uair agus é ag freastal ar Choláiste na Coiribe, ach bhí spéis sa Mhata aige riamh. Le linn a chéim in Ollscoil na Gaillimhe, bhí an t-ádh aige roinnt cúrsaí Mata agus Eacnamaíocht a dhéanamh trí Ghaeilge buíochas le Tony Christofides, Seán Mac Diarmada, agus Tomás Mac Pháidín, agus Dioplóma sa Ghaeilge buíochas le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Tar éis iarchéim sa Mhatamaitic Ríomhaireachtúil a bhaint amach, caith sé sealanna ag obair mar thaighdeoir, eagarthóir, bainisteoir, agus léachtóir, ach gan deiseanna aige an Ghaeilge a úsáid lasmuigh dá saol pearsanta, go dtí go bhfuair sé an post is fearr ar domhan i 2023 – Léachtóir in Oideachas STEM trí Ghaeilge in Ollscoil na Gaillimhe.

Anois, múineann sé cúrsaí Mata trí Ghaeilge (faoi láthair, modúl idirdhisciplíneach Matamaitic don Inbhuanaitheacht, agus ranganna teagaisc do lucht na céad bhliana), eagraíonn sé imeachtaí for-rochtana le tacaíocht ó na hETIMirí (foireann ambasadóirí – nó timirí – STEM as Gaeilge) agus foireann an togra seo, agus déanann sé iniúchadh ar féidearthachtaí ó thaobh na Gaelollscolaíochta de.

pic

An tOll. Cathal Seoighe – Ollscoil na Gaillimhe

Ról

pic

An Dr. Ciara Egan – Ollscoil na Gaillimhe

Ról

pic

An Dr. Dearbháil Ní Chualáin – Údarás na Gaeltachta

Ról

pic

An Dr. Dorothy Ní Uigín – Ollscoil na Gaillimhe

Ról

pic

An Dr. Liz Coleman – Ollscoil na Gaillimhe

Ról

pic

An Dr. Neil O’Laoghaire – Ollscoil na Gaillimhe

Ról

pic

An Dr. Sorcha Geagan

Ról

pic

An Dr. Tríona Nic Fhinn – An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta

Ról

pic

Bríd Seoige – Ollscoil na Gaillimhe

Ról

pic

Claire Riordan – Ollscoil na Gaillimhe

Ról

pic

Feargal Máirtín – SúilSiar

Ról

pic

Mary Deely – Ollscoil na Gaillimhe

Ról

pic

Pádraig Mac Brádaigh – Aontas na Mac Léinn in Éireann

Ról

pic

Rachel-Áine Ní Mharascáil – Ollscoil na Gaillimhe

Ról

Na Timirí STEM as Gaeilge

Is foireann fochéimithe agus iarchéimithe iad na hETIMirí, a bhfuil spéis acu sna hábhair ETIM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Mata) agus ábhair gaolta cosúil le Leighis. Eagraíonn siad imeachtaí for-rochtana agus tograí eile chun STEM agus an Ghaeilge a chur chun cinn. Dá mbeadh spéis agat a bheith mar ETIMire, bí i dteagmháil le Fintan.
etimire_1

Jams O Donnell – Bl.2: Bitheolaíocht agus Réalteolaíocht

Timire

Is as Corca Dorcha do Jams, agus Gaeilge aige ó dhúchais. Tá sé mar bhall den Chumann Gaelach agus ba mhaith leis a bheith ina spásaire amach anseo.

Daoine eile

Tá gréasán láidir daoine a bhfuil spéis acu sna réimsí seo, cé go bhfuil sé deacair iad a aimsiú uaireanta. Ar an leathanach SEO, gheobhaidh tú liosta léachtóirí, taighdeoirí, scoláirí, múinteoirí, lucht déanta polasaithe, agus daoine a bhfuil spéis acu sa STEM agus Gaeilge go ginearálta. Má tá fonn ort do sonraí a chur leis an liosta, tá foirm ag bun an leathanach gur féidir a líonadh isteach.

Bí i dteagmháil linn

Tá fáilte romhat ríomhphost a chur chuig fintan.hegarty@universityofgalway.ie le haghaidh tuilleadh eolais.